Gaeilge san Ollscoil

Fáilte go dtí suíomh Gaeilge SPPU.

Home / As-gaeilge

Fáilte an Uachtaráin

Agus muid ag cur tús le bliain acadúil nua abhus anseo ag Coláiste Phádraig, ba mhian liom an deis seo a thapú d’fhonn fearadh na fáilte a chur romhaibh uilig. Cuirim fáilte speisialta rompu siúd atá inár measc den chéad uair riamh.

Is cuid de Choláiste Phádraig í Ollscoil Phontaifiúil Phádraig maille leis an gCliarscoil Náisiúnta. Táimid lonnaithe ar champas suaithinseach stairiúil a roinnimid le hOllscoil Mhá Nuad. Ar an gcaoi sin, thiocfadh leat a rá go dtagann traidisiún agus nuálaíocht le chéile ar an gcampas uathúil s’againne. Gan aon agó, cothaíonn an timpeallacht chomhroinnte siúd atmaisféar borrúil agus fiúntach a chuireann go mór le heispéireas na mac léinn agus lena gcuid staidéir chomh maith. Saothraítear intinn an mhic léinn agus iad ag staidéar linn. Fásann siad mar dhaoine agus oiltear iad do shaol na hoibre, fosta.

Bhí sé de chuspóir againn riamh anall barr feabhais a bhaint amach ar gach gné de shaol na hollscoile. Dar lenár mic léinn, is mór an tairbhe é an dlúthchaidreamh a bhíonn acu le comhaltaí dáimhe agus iad i mbun staidéir linn. Leoga féin, is saintréith de chuid an choláiste é an dlúthghaol siúd atá eadrainn. Gan amhras ar bith, gheobhaidh tú timpeallacht thacúil agus spreagúil anseo ag Coláiste Phádraig. Rachaidh tú i ngleic le ceisteanna cigilteacha agus casta. Cuirfear go mór le d’intleacht agus forbróidh tú scileanna praiticiúla inaistrithe, freisin. Thar aon cheo eile, cuirfear ar do chumas a bheith i do shaoránach gníomhach sa tsochaí amach anseo.

Gan aon agó, tá blianta dúshlánacha agus fiúntacha romhat agus tú i do mhac léinn i gColáiste Phádraig. Gheobhaidh tú scileanna criticiúla; déanfaidh tú staidéar ar aincheisteanna eiticiúla agus cuirfear le d’fheasacht shóisialta agus chultúrtha chomh maith. Cuirtear fáilte roimh dhearcthaí éagsúla agus iarrtar ar mhic léinn machnamh a dhéanamh ar a gcuid luachanna; ar na huaillmhianta s’acusan agus ar a gcuid freagrachtaí sa tsochaí agus sa saol i gcoitinne. Agus tú i do chéimí s’againne, beidh an t-eolas riachtanach agat in éineacht leis na scileanna cuí d’fhonn ionchur fónta a dhéanamh sa ghairm s’agat amach anseo.

Mar is iondúil, tabharfaimid faoin mbliain acadúil atá amach romhainn i gcomhar le chéile. Ní foláir dúinn uilig pobal a chruthú ina bhfuil meas; dialóg; macántacht agus ionracas go smior is go smúsach ann.

Go deimhin féin, is cuí go mbímid de shíor ar thóir na tuisceana abhus ag Coláiste Phádraig. Fós féin, ní dhéantar seo díreach ar mhaithe lena dhéanamh. A chontrárthacht sin, tugaimid faoinár gcúraimí taighde agus teagaisc bliain i ndiaidh bliana toisc go gcreidimid go diongbháilte go rachaidh siad chun sochair don chine daonna agus don domhan trí chéile.

Mar bhuille scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as Coláiste Phádraig a roghnú. Caithfidh mé a rá go bhfuilim ag tnúth go mór leis an mbliain acadúil atá amach romhainn agus leis na nithe go léir a fhoghlaimeoimid agus a bhainfimid amach i dteannta a chéile.

Michael-Shortall-2024-Photo.jpg#asset:15989


An Dochtúir Mícheál Soirtéil

Uachtarán

Eolas

Ollscoil Chomhaimseartha; Pobal lách tacúil; Cur chuige mac léinn-lárnach; clú agus cáil idirnáisiúnta as an diagacht; as an bhfealsúnacht agus as an dlí Canónta

Osclaíodh Ollscoil Phontaifiúil Phádraig i 1795 mar Chliarscoil Náisiúnta. Bronnadh stádas Pontaifiúil orainn i 1896. Tá clú agus cáil bainte amach againn ar fud na cruinne ó shin i leith as an taighde agus as an bhfoghlaim. Is minic a thugtar Coláiste Mhá Nuad orainn freisin. Tá saineolas ag ár n-acadóirí ar an diagacht agus ar an bhfealsúnacht mar aon le réimsí gaolmhara eile.

Bunaíodh Coláiste Phádraig i 1795 mar chliarscoil agus faoi 1850 ba í an chliarscoil is mó ar domhan. Oileadh breis is 11,000 sagart ann i gcaitheamh na gcéadta. Bhí roinnt mhór de na sagairt seo i mbun ministreachta thar lear mar mhisinéirí. Cuir i gcás, bunaíodh Misean Mhaigh Nuad chun na Síne i 1918. Anuas air sin, bunaíodh Misean Mhaigh Nuad chun na hAfraice i 1932.

Le linn an 17ú agus an 18ú haois déag, cuireadh cosc ar fhir óga a bhí ag dul le sagartacht oiliúint a fháil in Éirinn. Dá bhrí sin, bunaíodh cliarscoileanna ar mhór-roinn na hEorpa. Chuaigh formhór na bhfear siúd go dtí an Fhrainc. Coigistíodh na coláistí seo i rith Réabhlóid na Fraince, ámh.

Ré chinniúnach a bhí sa tréimhse sin in Éirinn. Ar an gcéad dul síos cuireadh deireadh leis na Péindlíthe. De bhreis air sin, bhí sé ina chogadh dearg idir Rialtas na Breataine agus fórsaí na réabhlóide thall sa Fhrainc. Bhí imní ar na Sasanaigh go n-imreodh an réabhlóid tionchar ar na fir óga a bhí ag dul le sagartacht. Le linn an ama seo, rinne na hEaspaig Chaitliceacha Éireannacha achainí thráthúil chuig Pairlimint na Breataine chun cliarscoil a bhunú in Éirinn agus bunaíodh Coláiste Phádraig, Maigh Nuad i mí an Mheithimh i 1795, dá thoradh sin. Tugadh deontas measartha beag don choláiste chomh maith.

Ar ndóigh, b’éigean do na heaspaig suíomh a aimsiú don choláiste. Leag siad rompu suíomh a fháil cóngarach do Bhaile Átha Cliath. Ní raibh fáilte rompu i roinnt mhaith áiteanna, áfach.

Ar ámharaí an tsaoil, socraíodh ar Mhaigh Nuad toisc gur chuir Diúc Laighean agus a bhean chéile fearadh na fáilte rompu. Osclaíodh Coláiste Phádraig i bhfómhar na bliana 1795 in áras a thóg fear darbh ainm John Stoyte a bhí ina stíobhard ag an Diúc. Tá an foirgneamh stairiúil seo fós ann agus tugtar Teach Stoyte air i dtólamh.

Cláir Fochéime

Baitsiléir sa Diagacht agus sna Dána (BATh)

Baitsiléir sa Diagacht (BTh)

Baitsiléir san Fhealsúnacht (BPh)

Cláir Iarchéime

An Diagacht

Ard-Dioplóma i Léann na Diagachta (An Fhoghlaim Chumaisc); HDip

Máistreacht sa Cheol Liotúirgeach; MLM

Máistreacht sa Diagacht (Diagacht Thréadach); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Máistreacht Mhúinte); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Eitic Chomhaimseartha); MTh

Máistreacht sa Diagacht (An Bíobla agus Spioradáltacht); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Diagacht Liotúirgeach); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Liotúirge Tréadach); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Diagacht Thréadach, Séiplíneacht Cúraim Sláinte); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Máistreacht trí Thaighde); MTh

Ceadúnach sa Diagacht; STL

Dochtúireacht sa Diagacht; PhD

Dochtúireacht sa Diagacht; DD

An Fhealsúnacht

Máistreacht san Fhealsúnacht (Máistreacht Mhúinte); MPhil

Máistreacht san Fhealsúnacht (Máistreacht trí Thaighde); MPhil

Ceadúnach san Fhealsúnacht; LPhil

Dochtúireacht san Fhealsúnacht; DPhil

Centre for Mission and Ministries Programmes

An Lárionad do Mhisean agus do Mhinistreachtaí

Dioplóma sa Cheol Eaglasta; Dioplóma

Dioplóma sa Mhinistreacht Thréadach; Dioplóma

Máistreacht sa Cheol Liotúirgeach; MLM

Ard-Dioplóma sa Mhinistreacht Óige & sa Spioradáltacht; Ard-Dioplóma

Dioplóma sa Mhinistreacht Óige & sa Spioradáltacht; Dioplóma

Liotúirge Tréadach; Dioplóma/Ard-Dioplóma (An Fhoghlaim Chumaisc)

Dioplóma sa Diagacht Thréadach; Dioplóma

Ard-Dioplóma sa Diagacht Thréadach; Ard-Dioplóma

Máistreacht sa Diagacht (Diagacht Thréadach); MTh

Ard-Dioplóma sa Diagacht Thréadach (Séiplíneacht Cúraim Sláinte); MTh

Máistreacht sa Diagacht (Diagacht Thréadach, Séiplíneacht Cúraim Sláinte); MTh

Teastais Ghairmiúla san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach agus i Léann na Diagachta

Dioplóma sa Léann Deagánach; DDS

Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Chríostaí agus i gCleachtas na Meán; Ard-Dioplóma

Cláir atá á dtairiscint i gcomhpháirt le hinstitiúidí eile (Collaborative Partner’s Programmes)

Teastas i gComhairliú Duinelárnach (Pósadh & Caidrimh)

Teastas sa Léann Críostaí

An Léann Cairmeileach

  • Teastas/Dioplóma sa Spioradáltacht (An Léann Cairmeileach)
  • Teastas/Dioplóma sa Diagacht (An Léann Cairmeileach)
  • BTh (An Léann Cairmeileach)
  • MTh (An Léann Cairmeileach)

Saindioplóma sa Spioradáltacht (Maoirseacht)

Dioplóma sa Spioradáltacht (Treoir Spioradálta)

Teastas san Oideachas Pósta

Dioplóma sa Spioradáltacht (Ministreacht Óige)

Teastas sa Spioradáltacht (Ministreacht Óige)

Teastas/Dioplóma/Céim sa Diagacht (Oideachas Aosach & Ministreacht Thréadach)


Tar ag Staidéar Linn

Icon Postgraduate