An Lárionad do Mhisean agus do Mhinistreachtaí
Home / As-gaeilge / An-lárionad-do-mhisean-agus-do-mhinistreachtaí
Faoi mar a dúirt Íosa: ‘Is sibhse salann na talún … Is sibhse solas an domhain’. Tugann na focail seo cuireadh dúinn an soiscéal a chur i bhfeidhm ar domhan. Tá sé ar intinn ag An Lárionad do Mhisean agus do Mhinistreachtaí ministrí cumasacha a oiliúint chun páirt a ghlacadh i gcúram na soiscéalaíochta in Éirinn san am i láthair
An Lárionad do Mhisean agus do Mhinistreachtaí
Tá sé i gceist ag An Lárionad do Mhisean agus do Mhinistreachtaí misean tréadach na heaglaise a chur chun cinn in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Díríonn an obair agus an taighde s’againne ar na réimsí seo a leanas:
· An Diagacht Phraiticiúil
· Múnlú Iomlánaíoch
· Taighde Idirdhisciplíneach
Táimid fréamhaithe sa traidisiún Caitliceach agus faighimid inspioráid ó obair leanúnach an Spioraid Naoimh ar domhan. Tá sé i gceist againn ministrí dea-oilte a chur ar fáil do phobal Dé sa lá atá inniu ann.
Téann ar gcláir i ngleic leis an gcultúr comhaimseartha ina mairimid. Ar an tslí sin, déantar iarracht aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra ár linne.
Táthar ag súil go mbeidh ár gcuid oibre ina cuidiú ag paróistí; deoisí agus pobail chreidimh ar fud na tíre agus iad ag fógairt an dea-scéil amach anseo.
Táimid iontach tiomanta don chóir shóisialta agus do chothú na síochána i mbaile agus i gcéin. Chomh maith leis sin, ba mhian linn dialóg a thosú leo siúd a mhaireann ar imeall na heaglaise agus na sochaí.
Cothaíonn ár gcláir na meonta agus na luachanna seo. Cuirtear ar chumas ár gcéimithe machnamh diagachta a dhéanamh ar ár gcomhthéacs comhaimseartha ionas gur féidir leo tabhairt faoi chúram na deisceablachta go héifeachtach amach anseo.
Ár gCláir:
Diagacht Thréadach
Séiplíneacht Cúraim Sláinte
Léann na Diagachta
Liotúirge Tréadach
Cumarsáid Chríostaí & Cleachtas na Meán
Ceol Liotúirgeach
Ministreacht Óige & Spioradáltacht
An Léann Deagánach
Deiseanna Gairme:
Ministir Óige
Séiplíneach Cúraim Sláinte
Deagánach Buan
Liotúirgeoir
Ceoltóir
Ministir Tréadach
If you live outside Ireland, check out our dedicated area for international students.
Let’s talk
For Undergraduate queries: email admissions@spcm.ie.
For Postgraduate queries: email pgadmissions@spcm.ie.
For The Centre for Mission & Ministries queries, email: cmmadmissions@spcm.ie.