Dámh na Fealsúnachta
Home / Dámh-na-fealsúnachta
Fáilte chuig Leathanach ár nDáimhe. Má thugann tú faoi chlár fealsúnachta linn, ní féidir a shéanadh go mbeidh dúshlán ag baint leis. Fós féin, eispéireas an-tairbheach atá ann. Tá réimse leathan clár ar fáil anseo in Ollscoil Phontaifiúil Phádraig. Lean ort ag léamh d’fhonn tuilleadh a fhoghlaim fúinn.
An Fhealsúnacht in Ollscoil Phontaifiúil Phádraig
Go deimhin féin, tá traidisiún seanbhunaithe ag baint leis an bhfealsúnacht anseo in Ollscoil Phontaifiúil Phádraig a théann siar chomh fada le 1795.
Tá clú agus cáil bainte amach ag iarmhic léinn dár gcuidne maille le hiarbhaill na Dáimhe. Cuir i gcás: Thomas Hussey; Charles William Russell; Peter Coffey; Nicholas Callan; Cairdinéal Cathal Daly; Cairdinéal Desmond Connell agus Philip Petit gan ach roinnt daoine a lua.
Tá an Dámh fréamhaithe i léann ársa na fealsúnachta. I dtrátha an ama chéanna, ámh, téitear i ngleic le comhthéacs comhaimseartha ár linne chomh maith.
Go bunúsach, is éard atá i gceist leis an bhfealsúnacht ná grá eagna. Thar aon cheo eile, féachaimid leis an gcíocras eolais seo a mhúscailt inár mic léinn. Déantar scagadh ar na buncheisteanna doimhne a bhaineann leis an saol. Cuir i gcás: nádúr an duine; sonas; ceartas; eolas; saoirse; an saol maith; agus an bheithsine féin. Ar an dóigh sin, cuirtear go mór le scileanna na mac léinn i dtaobh na smaointeoireachta criticiúla ionas do dtig leo tabhairt faoi thaighde i ngort na fealsúnachta ar a gconlán féin amach anseo.
Cuirtear béim faoi leith ar léann na fealsúnachta sa traidisiún Críostaí. Fós féin, cíortar dearcthaí malartacha chomh maith. Dá réir sin, tá ár mic léinn agus ár bhfoireann araon oilte ar na réimsí traidisiúnta a bhaineann le léann na fealsúnachta. Cuir i gcás: meitifisic; eipistéimeolaíocht; loighic agus eitic. Mar sin féin, tá siad an-eolach ar fhealsúnaithe comhaimseartha fosta. Abraimis: Heidegger, Russell, Quine, Wittgenstein, Przywara, Stein, von Balthasar, Marcel, Marion, Girard, Agamben, Kearney, Desmond, McDowell, agus araile.
Ar an mbealach sin, deimhnítear go bhfuil tuiscint domhain ag an mac léinn ar dhisciplín seanda na fealsúnachta. Lena chois sin, tá siad breá ábalta machnamh criticiúil a dhéanamh ar cheisteanna comhaimseartha na linne seo trí dhearcadh an traidisiúin Chríostaí.
Cothaíonn an fhealsúnacht raidhse scileanna inaistrithe. Cuir i gcás: scileanna cumarsáide; an smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna inphearsanta a rachaidh chun sochair do na mic léinn sa saol acadúil agus i saol na hoibre go ginearálta.
Tá clú agus cáil ar bhaill ár nDáimhe i bhfad agus i ngearr as an bhfealsúnacht. Is taighdeoirí díograiseacha agus rathúla iad. Tá siad an-tiomanta do chur chun na fealsúnachta sa phobal i gcoitinne agus tá siad lánsásta a gcuid saineolas a roinnt lenár mic léinn.
Tá cláir ar fáil ag leibhéal na fochéime agus na hiarchéime. Téigh i dteagmháil linn d’fhonn tuilleadh a fhoghlaim.
If you live outside Ireland, check out our dedicated area for international students.
Let’s talk
For Undergraduate queries: email admissions@spcm.ie.
For Postgraduate queries: email pgadmissions@spcm.ie.
For The Centre for Mission & Ministries queries, email: cmmadmissions@spcm.ie.