Patrick Duffy Trust Scholarship in Irish Studies

Home / News-events / 2022 / Patrick-duffy-trust-scholarship-in-irish-studies

News:

Posted 11th July

Bunaíodh Iontaobhas Phádraig Uí Dhubhthaigh chun duaiseanna sa Ghaeilge nó i Léann na hÉireann a chur ar fáil do mhic léinn ó Ard-Deoise Ard Mhacha ar an gcéad dul síos, agus do mhic léinn ó Oileán na hÉireann ina iomláine sa chás nach ann d’iarrthóirí oiriúnacha ón Ard-Deoise. Chuige seo, agus le tacaíocht ó Iontaobhas Phádraig Uí Dhubhthaigh, tá Ollscoil Phontaifiúil Phádraig tar éis sparánacht a bhunú do mhic léinn ar an gcúrsa BATh a bhfuil sé i gceist acu an Ghaeilge agus an Diagacht a dhéanamh sa dara bliain. Is é luach na sparánachta ná 2,000 Euro. Sparánacht amháin a bhronnfar in aghaidh na bliana acadúla.

Le cur isteach ar an sparánacht, bíonn ort scríobh as Gaeilge go dtí Cláraitheoir Ollscoil Phontaifiúil Phádraig ag cur síos ar do phleananna pearsanta agus gairmiúla agus ar an slí ina gcabhróidh do chuid staidéir ar an Diagacht agus ar an nGaeilge leat na spriocanna sin a bhaint amach. Ba chóir iarratais a sheoladh chuig registrar@spcm.ie .

Is é an sprioclá d’iarratais ná 05 Lúnasa 2022. Déanfaidh painéal ar a bhfuil baill foirne ó Ollscoil Phontaifiúil Phádraig agus ó Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, na hiarratais a bhreithniú agus a mheas.



The Patrick Duffy Trust has established a provision of scholarships in the Irish language or in Irish studies, first, for students from the Archdiocese of Armagh, or if there are no suitable candidates, then for any student from the rest of Northern Ireland or otherwise from the Republic of Ireland.

To this end St Patrick’s Pontifical University, with support from the Patrick Duffy Trust has established a Bursary for BATh students progressing to second year and taking Irish and Theology as a subject. The value of the bursary is 2,000 euros. There is one bursary per academic year.

In order to apply you are required to write (in Irish) to the Registrar of St Patrick’s Pontifical University outlining your career or personal aspirations and how studying Theology and Irish will help you realise these goals. You may send all applications to registrar@spcm.ie

The deadline for applications is August 5th 2022. All applications will be evaluated by a panel drawn from SPPU and the MU Irish Department.