Tar ag Staidéar Linn

Cur chuige mac léinn-lárnach, cláir agus taighde den chéad scoth

Home / Tar-ag-staidéar-linn

Cén fáth a roghnófá Ollscoil Phontaifiúil Phádraig?

Gheobhaidh tú cláir a chuirfidh le do shaol maille le pobal lách tacúil ag Ollscoil Phontaifiúil Phádraig.

Eispéireas mic léinn; Aitheantas Idirnáisiúnta; Léachtóirí díograiseacha agus cabhracha; Áiseanna nua-aimseartha; Oidhreacht; Muintearas; Deiseanna staidéir thar lear; Deiseanna Fostaíochta; Scileanna inmhianaithe.

Tig lenár mic léinn an dá thrá a fhreastal, leoga. Ar thaobh amháin, tá siad ina mbaill den phobal beag dlúth s’againne. Mar sin féin, is féidir leo leas a bhaint as na hacmhainní agus as an scleondar a bhaineann le hollscoil mhór mhillteach san am céanna. Spreagtar na mic léinn barr a gcumais a bhaint amach. Faigheann siad scileanna riachtanacha a chinntíonn go n-éireoidh go geal leo amach anseo.

Má thugann tú faoi chúrsa linn, déanfaidh tú machnamh ar bhuncheisteanna doimhne a bhaineann linn uilig agus sealbhóidh tú scileanna cumarsáide agus idirphearsanta.

Tá foireann chairdiúil thacúil againn a thugann aire phearsantaithe do gach uile mhac léinn. Ós rud é go mbíonn grúpaí beaga sna ranganna, cuirfidh tú an-aithne ar do chomhscoláirí agus do chuid léachtóirí.

Duine cumasach; dea-oilte; agus muiníneach a bheidh ionat agus tú i do chéimí s’againne. Beidh tú breá inniúil ionchur fiúntach a dhéanamh sa ghairm s’agat amach anseo.


Cén fáth a ndéanfá staidéar ar an Diagacht agus ar an bhFealsúnacht?

Go hiondúil, ní bhíonn an diagacht ag barr an liosta agus mic léinn i mbun machnaimh mar gheall ar chláir ollscoile. Ní iontas ar bith é, leoga féin. I ndeireadh na dála, is beag duine atá fiáin chun na diagachta le linn a n-óige. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeadh spéis agatsa inti. Gach seans go bhfuil conair na diagachta i ndán duitse. Déan do mhachnamh air!

An Dochtúir Jesse Rogers, Dámh na Diagachta

Má thugann tú faoi chlár i nDámh na Fealsúnachta in Ollscoil Phontaifiúil Phádraig, déanfaidh tú mionscagadh ar léann ársa na fealsúnachta taobh istigh den traidisiún Caitliceach. Lena chois sin, rachaidh tú i ngleic le traidisiúin mhalartacha fosta.

An Dochtúir Gaven Kerr, Cláraitheoir Acadúil & Léachtóir le Fealsúnacht


Maigh Nuad – Suíomh Foirfe

Gan aon agó, tá suíomh na hollscoile ar cheann de na buntáistí is mó a bhaineann le hOllscoil Phontaifiúil Phádraig. Ar an gcéad dul síos, is Ollscoil uathúil muid toisc go bhfuilimid suite i mbaile mór seachas i gcathair. Fós féin, nílimid ach 25 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath. Dá bhrí sin, tá príomhchathair na hÉireann ar leac an dorais againn.

Campus-Photo-Sept-2025.jpeg#asset:18054

Téigh i dTeagmháil Linn

Oifig na hOllscoile Pontaifiúla

Ollscoil Phontaifiúil Phádraig, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Ríomhphost: puoffice@spcm.ie

Guthán: +353 (0)1 7083600

If you live outside Ireland, check out our dedicated area for international students.

Let’s talk

For Undergraduate queries: email admissions@spcm.ie.

For Postgraduate queries: email pgadmissions@spcm.ie.

For The Centre for Mission & Ministries queries, email: cmmadmissions@spcm.ie.